An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

24.5

Seo thíos liosta de na réimíreanna agus de na túsfhocail is coitianta, mar aon
lena mbríonna agus a dtionchar ar an gcéad fhocal eile:

- adh(-) mír threise.
- Séimhíonn:
- adhmholadh
- adhfhuafar
- adhmhillim

- amh(-),
- aimh(-)
- mír dhiúltach.
- Séimhíonn:
- amhlabhra
- aimhréidh
- aimhleas

- amh-
- = garbh, gan saothrú.
- Séimhíonn.
- amhola,
- amhshíoda,
- amhphróitéin

- ais(-)
- = ar ais.
- Séimhíonn:
- aiséirí,
- aisíoc,
- aisfhreagra,
- aisghabhaim,
- aisghairm

- an-
- mír threise.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- an-daor,
- an-deas,
- an-chara,
- an-scoláire

Ní gnách iolra ar aidiachtaí dar tús an-:
- daoine an-bhreá iad.

- an(-),
- ain(-):
- (i) mír dhiúltach
- (ii) = mínádúrtha.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p de ghnáth.
- Uraíonn corruair.

(i)
- anaithnid,
- andóigh,
- antráthach,
- ainbhios,
- [ain(-)+fios],
- aineolach,
- aingiallta [ain(-) + ciallta]

(ii)
- anduine,
- anfhlaith,
- andúileach,
- aintiarna,
- ainsprid

- aon(-)-
- = singil.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- aonghin
- aonmhac
- aonghnéitheach
- aonsúileach
- aondiachas
- aontíos.

Ach ní gnách
aon

mar réimír roimh ainmfhocal:
- d'aon
- ghnó
- ar aon mhéid
- fás aon oíche
- píobaire an aon phoirt.

- ard(-)
- (i) mír threise,
- (ii) mír chéime,
- (iii) = ard.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p.
- (i)
- ardoíche,
- ardfhear,
- ardréim
- (ii)
- ardeaspag,
- ardeaglais,
- ardmhéara
- (iii)
- ardchnoc,
- ardtráthnóna (sula n-íslíonn an ghrian mórán)

- as(-)
- = amach as:
- asáitím,
- aslonnaím

- ath(-)
- (i)
- = arís,
- (ii)
- = eile,
- (iii)
- mír threise,
- (iv)
- mír dhiúltach,
- (v)
- = sean-,
- iar-.
- Séimhíonn, ach ath-th > at .

- (i)
- athdhéanamh,
- athimirt,
- atitim [ath(-) + titim]
- (ii)
- athbharr,
- athbhliain,
- athbhríoch,
- athsháile
- (iii)
- atruach,
- atuirse,
- athghéar
- (iv)
- athrím (cuirim ó choróin)
- (v)
- athlaoch,
- athshaighdiúir,
- athuachtarán

- ban(-)
- = baineann.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- banab,
- banchéile,
- banríon,
- bantiarna.

Caolaítear sna focail baininscne[ach], baintreach[as].

bith(-)
- (i)
- = beatha,
- (ii)
- mír threise.
- Séimhíonn.
- (i)
- bitheolaíocht
ach
- beathaisnéis [beatha + faisnéis]

- (ii)
- bithbheo,
- bithbhuan,
- bithshíoraí

bog(-)
- (i) = bog,
- (ii) = measartha.
- Séimhíonn.
- (i)
- bogchroíoch,
- bogfheadaíl
- (ii)
- bogchortha,
- bogmheisce,
- bogshodar,
- bogthe

- breac(-)
- (i)
- = breac,
- (ii)
- = leath,
- (iii)
- = measartha.
- Séimhíonn.
- (i)
- breacbhallach,
- breacdhubh,
- breacghlas
- (ii)
- breacshaoire,
- breacsholas
ach
- bricliath
- (iii)
- breacfhliuch,
- breaclá,
- breacleabhar,
- breacfhostaíocht,
- breacthe

- bun(-)
- (i)
- = íochtar,
- (ii)
- = príomh(-),
- (iii)
- = measartha.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p.
- (i)
- bunchíos,
- bunchloch,
- bunleathan,
- buntiarna
- (ii)
- bunchúis,
- bunreacht,
- buntomhas,
- buntréith
- (iii)
- bunaois,
- bunchaite

- caol(-)
- (i)
- = caol,
- (ii)
- = géar,
- (iii)
- = beag.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p.
- (i)
- caolsrónach,
- caolintinneach,
- caoldroim,
- caol-léargas
- (ii)
- caolfheadaíl,
- caolscread
- (iii)
- caolchuid

- ceard(-)
- = ceird.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- ceardchumann,
- ceardoideachas,
- ceardscoil

- clár(-)
- (i)
- = um chlárú,
- (ii)
- = adhmad,
- (iii)
- = leathan,
- (iv) = tosach.
- Séimhíonn.
- (i)
- clárleabhar,
- clárleathanach
- (ii)
- clárdhroichead
- (iii)
- cláradharcach,
- clárchosach
- (iv)
- clárfhiacail

- comh(-)
ach
- có(-) cói(-) roimh m, n
- = (i)
- le chéile,
- (ii)
- ginearálta,
- (iii)
- cothrom,
- (iv)
- aonfhoirmeach.
- Séimhíonn.
- (i)
- comhbheartas,
- comhaontaímid,
- cóineartú,
- cónasc,
- comhrá

(ii)
- comhchoiteann,
- comhchomhairle,
- comhdháil
(iii)
- comhchosach,
- comhionann,
- cóimhéid
(iv)
- comhdhíreach (= díreach tríd síos).

- corr(-)
- =
- (i)
- fánach, neamhchoitianta,
- (ii)
- ciumhais,
- starr-
- (iii)
- beag
- (iv)
- éagothrom,
- gan bheith inroinnte ar 2.
- Séimhíonn.
(i)
- corráit,
- corrdhuine,
- corrthoghchán
(ii)
- corrghlas,
- corrchnámhach
(iii)
- corrmhíol,
- corrabhaill
(iv)
- corruimhir,
- corrshleasach

- cros(-)
- (i) = trasna,
- (ii)
- = crosach,
- (iii)
- = crosta.
- Séimhíonn.
(i)
- crosphórú,
- cros-snáithe?
- (ii)
- crosbhealach,
- croschnámha,
- crosfhocal
(iii)
- crosdiabhal

dé(-) = dhá.
- Séimhíonn:
- défhoghar,
- dé-ocsaíd,
- déshleasach
ach
- dátheangach

- dea-
- (i)
- = maith,
- (ii)
- mír threise.
- Séimhíonn.
(i)
- dea-dhuine,
- dea-iomprach,
- dea-mhéin
(ii)
- dea-mhaith,
- dea-mhoch,
- dea-thapa

- dearg(-)
- (i)
- = dearg,
- (ii)
- mír threise.
- Séimhíonn.
(i)
- deargloscadh,
- deargrua,
- deargtheas
(ii)
- deargéitheach,
- deargainneoin

- deas(-),
- deis(-)
- = (i)
- theas,
- (ii)
- oiriúnach,
- (iii)
- an lámh dheas.
- Séimhíonn.
(i)
- Deasmhumhain,
- Deasmhuimhneach
(ii)
- deasghnáth,
- deaschainteach,
- deisbhéalach,
- deisriocht
- (iii)
- deaslámhach

- dí(-)
- dío(-)
- i gcorrfhocal seanbhunaithe
- (i)
- mír dhiúltach,
- (ii)
- mír threise.
- Séimhíonn
- go hiondúil,

ach
uraíonn
b

amanna.

- (i)
- dí-armáil,
- díchéillí,
- dífhostú,
- dílárú,
- dímholadh,
- dímrí
- [dí(-)+brí],
- díomá
- [dí(-)+bá],
- díomuan
- [dí(-)+buan]
- (ii)
- dímhearbhall,
- díleáim,
- díbheirg.

- dian(-)
- mír threise.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- dianghrá,
- dianlag,
- dianmhaith,
- diansaothrú,
- diantáirgeadh

do(-)
- (i)
- = deacair,
- (ii)
- mír dhiúltach.
- Séimhíonn.
- (i)
- dodhéanta
- (ii)
- do-aithnid,
- dothíosach

- droch(-)
- = olc.
- Séimhíonn:
- drochbhéasach,
- drochiompar,
- drochscéala,
- drochshaol

- dubh(-)
- roimh ghuta agus roimh fh + guta
- dú(-) i ngach cás eile:
- (i)
- = dubh,
- (ii)
- mír threise.
- Séimhíonn.
- (i)
- dúghorm,
- dúbhuí,
- dúchrónach
- (ii)
- dúbhréagach,
- dubhfhuath,
- dubhobair,
- dúsmacht
Caolaítear
sna focail:
- duibhéan,
- duibhré

- éa(-) éi(-):
- mír dhiúltach.
- Roimh fhocail dar tús c, d, t, a chuirtear an réimír seo.
- Uraíonn
- c, t:
- éadóchas,
- éadrócaire
- [éa(-) + trócaire],
- éagóir
- [éa(-) + cóir],
- éigeart
- [éi(-) + ceart],
- éigiall
- [éi- + ciall]
Tá coimriú san fhocal
- éagsúil [éa(-) + cosúil]

- eas(-),
- eis(-):
- mír dhiúltach.
- Roimh fhocail dar tús guta nó c, s, a chuirtear an réimír seo: s-s > s:
- easaontas,
- eascairdeas,
- easláinte
- [eas(-) + sláinte],
- eisíon

- fíor(-)
- (i)
- =
- fíor,
- (ii)
- mír threise.
- Séimhíonn.
(i)
- fíoraithrí,
- fíorchreideamh,
- fíorscéal
(ii)
- fíordheas,
- fíor-chorrdhuine,
- fíorscoth

- fo(-)
- =
- (i)
- faoi,
- (ii)
- ar chéim níos ísle,
- (iii)
- fánach.
- Séimhíonn.

- (i)
- fochupán,
- fo-éadaí,
- foléine

- (ii)
- fo-alt,
- fo-bhaile,
- fodhuine,
- foléas,
- foligim,
- fochonradh

- (iii)
- focheann,
- fodhuine

- for(-),
- far(-),
- foir(-)
- (i)
- = ar barr,
- (ii)
- mír threise.

Úsáidtear for(-) - agus séimhiú ar a lorg go hiondúil,
ach far(-) - nó foir(-) gan séimhiú ar a lorg, i gcorrfhocal seanbhunaithe.

- (i)
- fardoras,
- foirceann,
- forchraiceann

- (ii)
- foréigean,
- forimeall,
- forleathan,
- forlíonadh,
- forneart,
- fornocht

- freas(-)
- (i)
- = i gcoinne,
- (ii) in airde.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p.
- (i)
- freaschuirim,
- freasfhreagra,
- freasordaím

- (ii)
- freastógáil

- frith(-)
- = i gcoinne.
- Séimhíonn,
- ach
- frith-th >
- frit
- gan séimhiú:
- frithbhualadh,
- fritarraingt,
- frithcheilg,
- frithghníomh

- gar(-)
- (i) réimír i dtéarmaí gaoil,
- (ii)
- = cóngarach.
- Séimhíonn.
(i) garathair,
- gariníon,
- garmhac
(ii) garluach,
- gariascaireacht,
- garpháirc

- gearr(-)
- (i)
- = gearr,
- (ii)
- measartha mór.
- Séimhíonn.

- (i)
- gearranálaí,
- gearradharcach,
- gearr-radharcach

- (ii)
- gearraois,
- gearrchapall,
- gearrchuid,
- gearrmhaith

- iar(-)
- =
- (i)
- thiar,
- (ii)
- ar gcúl,
- (iii)
- tar éis,
- (iv)
- sean-,
- ath-.
- Séimhíonn go hiondúil, ach uraíonn corruair.
- (i)
- Iar-Chonnachta,
- iardheisceart
- (ii)
- iarbhuile,
- iarchurtha,
- iardháta,
- iargúlta [iar(-)+ cúlta]
- (iii)
- iarnóin,
- iaró

- (iv)
- iarchigire

- il(-)
- = iomaí.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- ildathach,
- ilphósadh,
- ilsiolla,
- ilteangach

- im(-),
- iom(-)
- (i)
- = timpeall,
- (ii)
- = le chéile,
- (iii)
- mír threise.
- Séimhíonn ach amháin m. iom(-) roimh m leathan, agus i gcorrleagan seanbhunaithe.
- iom-m>
- (i)
- imchruth,
- imdhruidim,
- imlíne,
- imshuí,
- imthoisceach
- (ii)
- imbhualadh,
- iomalairt
- [iom(-) + malairt],
- iomrá

- (iii)
- imdheargadh,
- imeagla,
- iomchuí,
- iomghaoth

- in(-)
- (i)
- mír dhiúltach
- (ii)
- = féideartha,
- ullamh.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p.
- (i)
- indílseach,
- indíreach,
- indlí,
- iniriseach
- (ii)
- indéanta,
- inaistir

- in(-),
- ion(-)
- = isteach.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- insteallaim,
- inscríbhinn,
- ionanálaím,
- ionfhás

- íos(-)
- = íseal.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- íosluach,
- íosmhéid,
- íosteocht

- leas(-)
- = ionadach.
- Séimhíonn
- b, c, f, g, m, p:
- leasiníon,
- leasmháthair,
- leasuachtarán

- leath(-)
- =
- (i)
- codán,
- (ii)
- ceann as péire,
- (iii)
- claon,
- (iv)
- measartha.
- Séimhíonn.
- (i)
- leathdhoras,
- leathphingin,
- leath-thonna

- (ii)
- leathadharcach,
- leathchos,
- leathchúpla,
- leathlaí,
- leathshúil

- (iii)
- leathard,
- leathchluas [brí (ii) freisin],
- leathchuma,
- leathstuaic

- leith(-) sna focail leithcheal,
- leithscéal
- th-th > t sna focail
- leatrom,
- leataobh
- (iv)
- leathchapall,
- leathchoca,
- leathmheisce,
- leathstócach

- mí(-)
- mír dhiúltach a shéimhíonn:
- mí-ádh,
- míchiall,
- mífhoighne,
- mínádúrtha,
- míchumas,
- mífhaisnéis

- neamh(-)
- mír dhiúltach
- a shéimhíonn:
- neamhbheo,
- neamh-mheisciúil,
- neamhshuim,
- neamhní
ach
- neamaiteach,
- neamaitheach

- neas(-)
- = cóngarach.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- neaschara,
- neasghaol,
- neasluach,
- neastoradh

- oil(-)
- = olc.
- Séimhíonn
- b, c, f, g, m, p:
- oilbheart,
- oilbhéas,
- oilghníomh

- oll(-)
- = mór i méid nó i gcéim.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- ollmhaitheas,
- ollphéist,
- ollscoil,
- ollathair,
- ollfhear

- príomh(-)
- = is mó i méid nó i gcéim.
- Séimhíonn:
- príomhábhar,
- príomhchigire,
- príomhchúis,
- príomhoide

- ré(-)
= (i) inroinnte ar 2,
- (ii) saoráideach,
- (iii) measartha,
- (iv) mín.
- Séimhíonn.
- (i)
- ré-uimhir,
- réchéim
- (ii)
- réchúiseach,
- réleaba
- (iii)
- réfhliuch,
- réghlas,
- réphrátaí
- (iv)
- réfhána
- [brí (iii) freisin]

- réamh(-)
- = roimh.
- Séimhíonn:
- réamhaisnéis,
- réamhfhocal,
- réamhrá,
- réamhtheachtaí
Ach
réamh -mh > réi(-)
san fhocal
- réimír

- rí(-)
- (i)
- = ríoga,
- (ii)
- mír threise,
- (iii)
- = an chuid den ghéag ó rosta go huillinn.
- Séimhíonn.
- (i)
- ríchíos,
- rídhamhna,
- rífhear,
- rítheaghlach
- (ii)
- ríchaimiléir,
- rídhona,
- rímhaith
- (iii)
- ríbheart,
- ríramhar [brí (ii) freisin]

- ró(-)
- (i)
- = iomarcach,
- (ii) mír threise.
- Séimhíonn.
- (i)
- róghearr (br. agus aid.),
- róluath,
- róchuma,
- rómhoill
- (ii)
- ródhóbair,
- rónaofa,
- ró-oirmhinneach

- sain(-)
- = speisialta.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- saincheist,
- sainchodán,
- sainchumas,
- saineolaí,
- sainmhíniú

- sár(-):
- mír threise.
- Séimhíonn:
- sárchéim,
- sáreolas,
- sárfhear,
- sármhaith

- seach(-)
- = ionadach.
- Séimhíonn:
- seachbhreithiúnach,
- seachphósadh,
- seachród,
- seachvótálaí

- sean(-)
- (i)
- = aosta,
- (ii)
- mír threise,
- (iii)
- mír dhrochmheasa,
- (iv)
- = sinsear,
- (v)
- iar-,
- ath-.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p.
- (i)
- seanaimsir,
- seanbhean,
- seanduine
- (ii)
- seanbheirthe,
- seanléim,
- seanléite,
- seanrith,
- seanscairt
- (iii)
- seanamadán,
- seanchlibistín
- (iv)
- seanathair,
- seanmháthair [brí (i) fosta]

sean(-)> sin- (sna focail sin-seanathair, sin-sin-seanmháthair, etc.

(v)
- seansaighdiúir

- síor(-)
- = leanúnach.
- Séimhíonn:
- síorbháisteach,
- síorghlas,
- síoról

- so(-)
- = furasta,
- féideartha.
- Séimhíonn:
- sochomhairleach,
- so-mharaithe,
- sodhéanta

- teann(-): mír threise.
- Séimhíonn:
- teannrith,
- teannsáith

- tim(-)
- = timpeall.
- Séimhíonn:
- timchaint(each),
- timthriall

- tiú(-)
- = tiubh.
- Séimhíonn.
Úsáidtear roimh chonsain:
- tiúchraicneach,
- tiúdhéanta

- tob(-)
- = tobann.
- Séimhíonn:
- tobathrú,
- tobeagrán,
- tobmhéadú

- tras(-)
- (i)
- = cros-,
- trasna,
- (ii)
- = ath-,
- arís.
- Séimhíonn b, c, f, g, m, p:
- s-s > s.
- (i)
- trasalpach,
- trastomhas
- (ii)
- traseoladh
- [tras(-) + seoladh],
- trasuite
- [tras(-) + suite]

- uas(-)
- = thuas.
- Séimhíonn
- b, c, f, g, m, p:
- uaschamóg,
- uasluach,
- uastiarna

- ur(-)
- (i)
- = foirmiúil,
- (ii)
- = os coinne,
- (iii)
- mír threise,
- (iv) mír dhiúltach.
- Séimhíonn.
- (i)
- urchosc,
- urghabhaim,
- urghaire,
- ur-lámhas,
- urscaoilim
- (ii)
- urchomhaireach,
- urlann,
- urthrá
- (iii)
- urghránna,
- urthosach
ach
- uir(-)
- san fhocal
- uiríseal
- (iv)
- urghnách.