25.5
Maidir le cuspóir an bhriathair agus le comhlánú agus leathnú na faisnéise
glactar le roinnt mhaith saoirse i dtaobh shuíomh na bhfocal éagsúil atá iontu i
leith a chéile.
Is minic áfach gur faide siar cuspóir forainmneach ná cuspóir ainmfhoclach:
- múineadh Seán go maith, múineadh go maith é.
Is minic freisin dobhriathar nó a chothrom idir an t-ainmní agus an cuspóir:
- bain díot do bhróga
- chuir sé air a chóta
- bhuail ó thalamh an doras
- ná cuir i bhfolach an leabhar
- tarraingímis aníos na cathaoireacha
- coinnigh istigh na cearca.