An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

25.6

In abairtí leathdhiúltacha ina bhfuil na múnlaí ní... ach gan... ach, is gnách
an chuid den abairt dar tús
ach

a chur siar go deireadh na habairte:
- ní raibh Seán ach sa bhád
- ní raibh sa bhád ach Seán
- ní raibh Seán a dhathú ach an bád
- ní raibh Seán ach ag dathú an bháid
- ní raibh ag dathú an bháid ach Seán
- níor dhathaigh Seán ach an bád
- níor dhathaigh aon duine an bád ach Seán
- ní dhearna Seán ach an bád a dhathú
- agus gan é ach ag dathú an bháid
- agus gan é a dhéanamh ach an bád a dhathú, etc.

Ní mór bheith cúramach faoin gcuid den abairt ar ceart ach a chur roimpi ar
eagla gur brí chontráilte a thabharfaí don abairt.

Is é áit a gcuirtear
ach

ná roimh na focail a dhéanann cuimsiú ar an ngníomhú briathartha.