An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

26.4

Cuirtear na rialacha roimhe seo i bhfeidhm i gcás fochlásail chomhordaitheacha
freisin, ach gur féidir
ná

a úsáid in ionad
nó

má tá cor diúltach san uaschlásal:
- níl a fhios agam cé thú féin ná cad é an gnó atá agat díom
- is deacair a rá cá bhfuil sé ná cad atá á dhéanamh aige.

Úsáidtear
ná

in ionad nó go minic mar sin idir dhá chlásal neamhchúiseacha:
- cibé duine a rachaidh ná nach rachaidh, rachaidh mise

Ní úsáidtear
ná

in ionad
nó

idir dhá chlásal ainmfhoclacha dar tús
cé acu:
- níl a fhios agam cé acu a thiocfaidh sé nó nach dtiocfaidh.