An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

26.5

Uaireanta luíonn dhá chlásal taobh le taobh agus múnlaí clásal comhordaitheach
orthu araon ach gan aon chónasc eatarthu, cé gur brí fochlásail atá ag an dara
ceann:
- tá sé leisciúil, ní hionann agus tusa
- dhéanfadh leanbh é, ní áirím fear
- is é mo mhacsa is cliste, ní cionn is mé féin á rá é
- éiríonn sé go luath, ní fearacht daoine eile é
- níl eolas agam ar an scéal, ní hé amháin é a insint
- ní féidir leis labhairt, tá sé chomh corraithe sin
- tá sé tinn, ní foláir
- bhí sé anseo tá bliain ó shin ann.