26.10
Aicmítear iad de réir feidhme de réir mar a bhíonn siad
- ainmfhoclach,
- aidiachtach,
- dobhriathartha,
nó
- ina gclásail choibhneasta leithleacha.
Déantar fo-aicmiú ar na clásail dhobhriathartha de réir a bhfeidhme:
- clásal aidhme,
- clásal ama,
- clásal cúise,
- clásal imthoisceach,
- clásal iarmhartach,
- clásal coinníollach,
- clásal faomhach,
- clásal comparáideach,
- clásal cuimsitheach,
- clásal neamhchúiseach.