26.11
Maidir le haicmiú de réir foirme ní gá ach ceithre shaghas clásal a lua anseo
clásal ceisteach (clásal dar tús mír cheisteach):
- níl a fhios agam cá bhfuil siad
- fiafraigh de an bhfacthas iad.
Is clásal ainmfhoclach gach fochlásal ceisteach.
clásal céadbheartach (clásal dar tús má, dá, mura).
Féadfaidh feidhmeanna éagsúla a bheith aige.
- clásal coinníollach:
- éirigh má thig leat clásal faomhach:
- mura bhfuilim saibhir táim macánta
clásal
neamhchúiseach:
- más olc maith leat é, ól é.
clásal ráiteasach (clásal dar tús mír ráiteasach, go (gur), nach (nár).
Sa riocht is simplí is clásal ainmfhoclach é seo (ach féach 26.12):
- deir sé go bhfuil sé tuirseach.
- clásal coibhneasta (clásal dar tús mír choibhneasta nó foirm choibhneasta den
bhriathar).
Sna cásanna is simplí is clásal aidiachtach é:
- cá bhfuil an fear a bhí anseo?
- seo an rud atá uait.