26.12
Is féidir feidhm clásail a athrú ar fad má chuirtear cónasc breise roimhe.
(Tá cló trom ar na cónaisc sa chuid eile den chaibidil seo.)
Tógaimis mar shampla an clásal ainmfhoclach atá in 26.11
go
bhfuil sé tuirseach.
D'fhéadfadh sé bheith ag feidhmiú mar a leanas clásal faomhach:
- cé go bhfuil sé tuirseach tá sé ag obair
- clásal cuimsitheach:
- tá sé ceart go leor ach go bhfuil sé tuirseach
- clásal imthoisceach:
- ní haon ionadh é sin agus go bhfuil sé tuirseach.