27.5
Is minic nach bhfeidhmíonn an réamhtheachtaí go díreach sa chlásal aidiachtach,
ach go neamhdhíreach trí fhocal ar a dtugtar an t-iartheachtaí.
Forainmneach is ea é seo a ghéilleann don réamhtheachtaí i bpearsa, in uimhir
agus in inscne, faoi réir rialacha 13.19-32.
Seasann an t-iartheachtaí thar ceann an réamhtheachtaí sa chlásal aidiachtach
(uaireanta i bhfochlásal eile atá taobh istigh de).
Tá cló trom ar an iartheachtaí sa dá shampla seo a leanas agus tá cló rómhánach
ar a réamhtheachtaí:
- tá
bonn
50p agam a bhfuil poll
ann
- dúirt sé
rud
nach raibh mé sásta
leis.