An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.6

Foirmeacha díreacha agus neamhdhíreacha

Clásal Coibhneasta Díreach
Clásal Coibhneasta Neamhdhíreach

Tugtar clásal coibhneasta díreach ar aon chlásal aidiachtach (taobh amuigh díobh
siúd atá i gceist in 27.9) a bhfuil a réamhtheachtaí ag feidhmiú go díreach ann
(is é sin gan aon chúnamh ó iartheachtaí), agus ar aon chlásal coibhneasta eile
atá ar aon dul le clásal aidiachtach díreach maidir le foirm an bhriathair.

Tugtar clásal coibhneasta neamhdhíreach ar aon chlásal aidiachtach a bhfuil a
réamhtheachtaí ag feidhmiú go neamhdhíreach ann (is é sin trí iartheachtaí),
agus ar aon chlásal coibhneasta eile atá ar aon dul, maidir le foirm an
bhriathair, lena leithéid de chlásal.

Mír Choibhneasta Dhíreach
Mír Choibhneasta Neamhdhíreach

Úsáidtear mír choibhneasta dhíreach i gclásal díreach agus
mír neamhdhíreach i gclásal neamhdhíreach.