An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.10
An clásal Aidiachtach Neamhdhíreach Dearfach

Ní mór an mhír choibhneasta a (ar) a chur roimh an mbriathar sa chlásal
neamhdhíreach dearfach.

Is cónasc simplí é seo ach amháin nuair a thagann réamhfhocal roimhe, nó nuair
is réamhtheachtaí é féin.

(Déantar cumasc den mhír sin agus an chopail.)

Is féidir na samplaí a aicmiú de réir fheidhm an iartheachtaí.

(Tá cló trom ar an réamhtheachtaí agus ar a iartheachtaí agus ar aon chumasc ina
bhfuil siad.)

- an t-iartheachtaí ina aidiacht shealbhach:

- ní fhaca mé an
bhean
a raibh
a
mac san ospidéal

- a
fhir
úd a bhfuil faobhar ar
do
ghuth

- is iomaí
duine
a dteipfeadh ar
a
mhisneach sa chás sin

- sin an
fear
arb amhránaí
a
iníon

- ní dhéanfaidh sé an
obair
ar ceapadh
lena
haghaidh é

- sin í an
obair
ar tháinig ár dTiarna ar an saol chun
a
déanta

- cé
ina
choinne a raibh tú ag imirt? [= cé a raibh tú ag imirt ina choinne?]

- cad
ina
thaobh ar labhair sé? [= cad ar labhair sé ina thaobh?].

Ní mór an mhír choibhneasta neamhdhíreach a úsáid in abairtí dar tús forainm
ceisteach (i gcumasc leis an gcopail nó saor) + réamhfhocal comhshuite a bhfuil
aidiacht shealbhach idir a dhá chuid + mír choibhneasta.

Ach má chuirtear an chopail treise in áit an fhorainm cheistigh is é an leagan
coibhneasta díreach a úsáidtear:
- is ina choinne a bhí mé ag imirt.

- an t-iartheachtaí ina fhorainm réamhfhoclach:

- is é seo an
poll
a dtagann na coiníní
as

- tóg an
chathaoir
a bhfuil an mála
uirthi

- níl a fhios agam cén
seomra
ar chodail sé
ann

- ní fheicim na
fir
a raibh tú ag caint
leo

- fear
arb ainm

Oisín atá ann

- seo an
rud
a mbeidh Peadar ag teacht chugat mar gheall
air

- cé hiad na
garsúin
a raibh an troid
eatarthu?

- bhí
asal
aige arbh iomaí capall nach mbeadh chomh mór
leis

(tá clásal díreach diúltach nach mbeadh ... leis taobh istigh den chlásal
neamhdhíreach dearfach arbh iomaí ... leis sa chás seo)

- cér
díobh
é?
[= cé ar díobh é?]

- cárbh
as
é?
[= cá arb as é?]

- cárbh
as
ar tháinig sé?
[= cá arbh as ar tháinig sé?]

(tá
as
ina iartheachtaí sa dá fhochlásal sa chás seo)

- cé

a dtabharfaidh mé an duais?
[= cé a dtabharfaidh mé an duais dó?]

- céard
leis
a ndearna tú e?

- Cad
leis
a ndearna tú é?
[= céard a ndearna tú leis é?]

- cad
chuige
a bhfuil tú anseo?
[= cad a bhfuil tú anseo chuige?]

Úsáidtear an mhír choibhneasta neamhdhíreach in abairt dar tús forainm ceisteach
(i gcumasc leis an gcopail nó saor) forainm réamhfhoclach + mír choibhneasta.

Ach
- is as a tháinig sé
- an dó a thabharfaidh mé é?
- ní leis a rinne tú é
- nach chuige sin atá tú anseo?

- an t-iartheachtaí ina fhorainm pearsanta faoi réir ag réamhfhocal:

- fuair sí
moladh
arbh fhearr di [bheith] gan
é

- cad is ainm don
saighdiúir úd a raibh argóint idir
é
agus an mairnéalach?

Ní úsáidtear an saghas sin iartheachtaí ach nuair nach bhfuil forainm
réamhfhoclach oiriúnach ag freagairt don réamhfhocal.

- an t-iartheachtaí (forainm pearsanta) ina chuspóir ag briathar:

- cá bhfuil na
garsúin
ar mhol an sagart
iad?

- sin an sórt
coirpigh
a leanfadh na gardaí go deireadh an domhain
é

Chun athbhrí a sheachaint is mó a bhaintear feidhm as an saghas abairte thuas.

Tá dhá bhrí ag
cá bhfuil na garsúin a mhol an sagart?
mar ní fios cé acu gníomhaí nó cuspóir an focal sagart.

Más gníomhaí sagart is féidir an athbhrí a sheachaint leis an gcor neamhdhíreach
mar atá thuas.

Ach más cuspóir sagart níl an athbhrí inseachanta mar sin.

- an t-iartheachtaí ina ainmní i bhfoirm tháite briathair:
- is daoine
iad arbh fhearr liom
go dtiocfaidís
go ciúin

- mar fhorainm pearsanta:
- bhí uaireadóirí
aige arbh fhiú a lán
iad

- an duine
gan seift úd ar cuma
é
nó muc

- is
gúna
é ar mhaith liom go mór
é
a cheannach

- an
fear
ar theastaigh uaithi
é
a phósadh

- is
ráiteas
é ar cheart go gcuirfeadh

ionadh orainn

- bhí Gaeilge ag
fear
ar shíleamar gur Shasanach
é.

Ní úsáidtear abairtí den chineál thuas ach go hannamh.

Is gnách an chopail nó frása ainm bhriathartha a bheith iontu.

Is féidir dul an chlásail dhírigh a chur ar a mbunáite:
- bhí
uaireadóirí
aige ab fhiú a lán

- bhí Gaeilge ag
fear
a shíleamar ba Shasanach.