An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.11

Is gnách an mhír choibhneasta neamhdhíreach a úsáid gan iartheachtaí nuair is
- áit,
- fáth,
- caoi,
- dóigh,
- am,
- lá,
- oíche
- nó

focal ama eile an réamhtheachtaí, má tá sé ag feidhmiú mar dhobhriathar ag
cáiliú an bhriathair atá sa chlásal choibhneasta - dhobhriathar ag cáiliú an
bhriathair atá sa chlásal coibhneasta:
- sin an áit a bhfuil an cheist
- cén fáth ar tháinig tú?
- cén chaoi a bhfuil tú?
- cad é an dóigh arb orthusan an locht?
- is cuimhin liom an t-am (lá, oíche, etc.) ar gabhadh é.

Ní mór an clásal aidiachtach díreach a úsáid in abairtí mar seo:
- seo an áit is fearr
- cad é an áit a thogh sé?
- ar chuala tú an fáth a thug sé?
- an chaoi atá mé a chur ar an teach.

Tig le níos mó ná iartheachtaí amháin bheith i gclásal aidiachtach:
- an bhfeiceann tú an gasúr ar thug a athair scilling dó?