An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.12

An clásal Aidiachtach Diúltach

Is iad na cónaisc
- nach,
- nár
na míreanna coibhneasta diúltacha.

Déantar cumaisc de na míreanna seo agus an chopail.

Is cónaisc shimplí iad.

Níl de dhifríocht idir comhréir na gclásal diúltach díreach agus comhréir na
gclásal diúltach neamhdhíreach ach iartheachtaí a bheith i bhformhór na gclásal
neamhdhíreach de réir rialacha 27.10.

(Sa chuid eile den rannóg seo tá cló trom ar an réamhtheachtaí, agus ar an
iartheachtaí más ann dó.)