An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.17

An forainm coibhneasta iartheachtach

Chomh maith le bheith ina cónasc tig leis an mír choibhneasta neamhdhíreach
dhearfach bheith ina hiartheachtaí sa tslí go ndéanann sí gnó forainm.

Tarlaíonn seo nuair a thagann sí ar lorg réamhfhocail a bhfuil réamhtheachtaí
roimhe.

Sa chás sin tugtar forainm coibhneasta iartheachtach ar an mír
- a (ar):

- is é seo an
poll as
a
dtagann na coiníní
- tóg an chathaoir ar
a
bhfuil an mála

- níl a fhios agam cén
seomra
inar
chodail sé

- ní fheicim na
fir
lena
raibh tú ag caint

- fear
darb
ainm Oisín atá ann.
- [darb = do (réamhfhocal) + an forainm coibhneasta + an chopail phríomha]

Cé gur slachtmhar múnlaí na n-abairtí sin ní mór atá siad in úsáid i nGaeilge an
lae inniu taobh amuigh den Ghaeilge scríofa, agus ansin féin is annamh a
bhaintear feidhm astu ach i gcás na réamhfhocal ar, as, do, i, le.

Ní úsáidtear ar chor ar bith iad le réamhfhocail a rialaíonn an tuiseal
ainmneach (ach, amhail, gan, etc.) agus níl aon mhúnlaí diúltacha ann a
d'fhreagródh dóibh.