27.18
An forainm coibhneasta réamhtheachtach
Tig leis an mír choibhneasta
- a (ar)
bheith ina cónasc agus ina réamhtheachtaí san am céanna.
Sa chás seo freisin tá feidhm forainm aici agus tugtar an forainm coibhneasta
réamhtheachtach uirthi toisc í a bheith i dtosach an chlásail choibhneasta.
Ciallaíonn an forainm coibhneasta seo iomlán nó an méid go hiondúil.
Fearacht na réamhtheachtaithe eile feidhmíonn sé san uaschlásal agus sa chlásal
aidiachtach.
(Féach mar a dhéanann an focal Béarla whatever an rud céanna san abairt:
- take whatever you want.)
Tig leis an bhforainm coibhneasta réamhtheachtach feidhmiú sa chlásal
aidiachtach go díreach nó go neamhdhíreach trí iartheachtaí, ach is í foirm an
bhriathair a leanann é sa dá chás ná an fhoirm a leanann an cónasc simplí
neamhdhíreach a (ar). feidhmiú díreach sa chlásal aidiachtach:
- is leat a bhfuil agam
- d'ólamar a bhfuaireamar
- sin ar chualamar
- bhain sé de a raibh air
- ba é Somhairle an fear ba chiallmhaire dá (= de + a) raibh ann
- lá dá raibh sé ag seilg chuaigh sé go Binn Éadair
- agus d'éirigh sé i ndiaidh a ndúirt an dochtúir
- is leor tonna eile le cois a bhfuil agam
- ní cháinfeadh duine ar bith a bhfuil mé a ól
- ní chothódh sé an cat a n-íosfadh sé
- sin ar cuimhin liom
- sin arbh eol dó
- na smaointe ab uaisle dar chúis leis an réabhlóid.
Maidir le dhá fheidhm an réamhtheachtaí tá forainm coibhneasta an chéad abairt
thuas ina ainmní sa phríomhchlásal agus ina ainmní freisin sa chlásal
aidiachtach.
- feidhmiú neamhdhíreach sa chlásal aidiachtach:
- bhídís i ngach uile theach dá (= de + a) dtéimis go dtí é
- mharaigh siad an uile dhuine dár (= de + ar) fhéad siad teacht suas leis
- tá sé lag de bharr a ndeachaigh sé tríd
- sin a bhfuil a fhios agam.
San uatha atá an t-iartheachtaí i ngach abairt thuas.
San abairt dheireanach thuas tá an chéad
a
(an forainm coibhneasta)
ina fhaisnéis nó ina ainmní (de réir an chomhthéacs) sa phríomhchlásal, agus é ag
feidhmiú sa chlásal aidiachtach tríd an dara
a
(aidiacht shealbhach).