An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.20

Is féidir le haidiacht nó le frása an forainm coibhneasta réamhtheachtach a
cháiliú ach ní thagann an cáilitheoir idir é agus an briathar a leanann é:
- díol gach a bhfuil agat
- thuigfinn gach a mbeadh sé ag cur síos air
- déan gach ar ceart a dhéanamh
- rinne sé gach ar chóir a dhéanamh
- sin a bhfuil d'airgead agam
- i ndiaidh a raibh sé a dhéanamh de ghuíodóireacht
- dá mhéad a bhfuil a chomrádaithe a thabhairt de chabhair dó
- i measc a raibh eile ann bhí Seán ann.