An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.19

Is í an chuid den abairt atá ar lorg an fhorainm choibhneasta réamhtheachtaigh
atá ina clásal aidiachtach (ní áirítear an réamhtheachtaí ina chuid den chlásal
aidiachtach in aon chuid den chaibidil seo).

Os a choinne sin, áfach, is clásal ainmfhoclach go hiondúil an chuid den abairt
dar tús an forainm coibhneasta réamhtheachtach.

Is é sin - forainm coibhneasta réamhtheachtach + clásal aidiachtach = clásal
ainmfhoclach.

Chun an méid sin a thuiscint níos soiléire déanaimis taifeach ar an abairt is leat a bhfuil
agam:

copail | Faisnéis | Ábhar cainte iomlán (clásal ainmfhoclach)
-------------------|-------------------------------------------------------
is | leat | ainmní | leathnú an ainmní (clásal aidiachtach)
----------------------------------------------------------------------------
| | a | bhfuil agam
-----------------------------------------------------------------------------