28.12
Mar
Féach na difríochtaí foirme agus brí i dtosach na bhfochlásal sna habairtí seo a
leanas:
- gheobhaidh tú thíos sa trá í mar a mbíonn sí ag súgradh
- ní maith léi an sioc mar bíonn sí fuar lena linn
- gan bhróg ná stoca, sin mar a bhíonn sí.
mar a mbíonn = áit a mbíonn
mar bíonn = óir bíonn
mar a bhíonn = an riocht ina mbíonn.