An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

29.1
An Clásal Ainmfhoclach: Príomhshaghsanna

Ceist neamhdhíreach shimplí (fochlásal ceisteach)

Is ionann foirm don cheist neamhdhíreach agus don cheist dhíreach (is é sin don
phríomhchlásal ceisteach) taobh amuigh d'aon athrú aimsire a chaithfí a dhéanamh:
- An dtiocfaidh sé? Fiafraigh de an dtiocfaidh sé.
- Cá bhfuil an tlú? D'fhiafraigh mé de cá raibh an tlú.

Samplaí eile:
- cuir ceist air ar ith sé an t-úll
- ar chuala tú cé hí féin?
- gheofar amach ar ball céard a bhí sé a rá
- cá bhfios an dtiocfadh an Fear Dubh úd choíche?
- cá bhfios an mairfinn na trí bliana déag féin?