An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

29.3

Fochlásal Ráiteasach

Cuirtear
- go
- (gur)
roimh an ráiteas dearfach agus
nach (nár)
roimh an ráiteas diúltach.

Déanann na cónaisc sin cumaisc leis an gcopail:
- tharla nach raibh aon duine ann
- ba mhaith liom go rachfá
- níl ann ach gur gortaíodh m'ordóg
- deirim gur ceart Colm
- ba dhóigh leat nárbh eol dó go rabhamar tagtha.

Tá dhá fhochlásal ráiteasacha sa sampla deireanach thuas, an dara ceann ina
ainmní don chéad cheann.

Is minic a dhéantar frása ainm bhriathartha a úsáid in ionad fochlásal
ráiteasach:
- tharla gan aon duine a bheith ann
- ba mhaith liom tú a dhul.

Tá a lán clásal ann nach féidir frásaí a dhéanamh díobh:
- dúirt sé go rachadh sé,
etc., agus a lán frásaí ann nach féidir clásal a dhéanamh díobh:
- caithfidh sé fanacht ina thost, etc.