29.2
Ceist neamhdhíreach ina bhfuil rogha (fochlásal ceisteach) cé acu + clásal
coibhneasta díreach + nó + clásal coibhneasta díreach:
- níl a fhios agam cé acu atá sé tinn nó nach bhfuil
- fiafróidh mé de cé acu is ea nó nach ea
- ní heol dóibh cé acu a d'fhág sé an tír nó a chuaigh sé ar a sheachaint.
- foirm ceiste simplí (dar tús an, ar) + nó + foirm ceiste simplí (dar tús an, ar,
nach, nár)
- níl a fhios agam an bhfuil sé tinn nó nach bhfuil
- fiafróidh mé de an ea nó nach ea
- ní heol dóibh ar fhág sé an tír nó an ndeachaigh sé ar a sheachaint.
- más rogha idir dhá fhaisnéis in abairt treise atá i gceist úsáidtear cé acu nó
an (ar) i dtosach an chlásail:
- ar chuala tú cé acu sa Spáinn nó sa Fhrainc atá siad?
- gheobhaidh sé amach an le holc nó de thaisme a leagadh é.