29.7
Úsáidtear dhá mhír dhiúltacha chun ráiteas an fhochlásail dhearfaigh a mhaolú:
- ní déarfainn nach bhfuil an ceart agat.
Mar an gcéanna úsáidtear mír dhiúltach ar lorg uaschlásail a bhfuil cor diúltach
ann:
- is beag nár bádh é
- cá bhfios nach spiaire é?
Cuirtear
- ná
- go,
- ná
- gur
- in ionad nach, nár sna habairtí sin thuas freisin:
- ní déarfainn ná go bhfuil an ceart agat
- is beag ná gur bádh é
- cá bhfios ná gur spiaire é?