30.1
Clásail Aidhme & Clásail Ama
An Clásal Aidhme
Clásail aidhme a thugtar ar chlásal dobhriathartha a insíonn an aidhm atá le
gníomhú bhriathar an uaschlásail.
Seo na príomhshaghsanna:
- clásail dhearfacha dar tús
- go (gur),
- nó
- go (gur):
- suigh síos [nó] go ndéana tú do scíth
- shuigh sé síos [nó] go ndéan[f]adh sé a scíth.
- clásail dhiúltacha dar tús
- ar eagla go,
- ar fhaitíos go,
- sula,
- gan fhios nach:
- fan ciúin ar eagla go (ar fhaitíos go, sula) gcloisfí thú
- cuir ort do chóta mór gan fhios nach slaghdán a gheofá.
- clásail dhédhiúltacha dar tús
- ar eagla nach,
- ar fhaitíos nach:
- lasaimis tine ar eagla (ar fhaitíos) nach bhfeicfí sinn.
- clásail dhearfacha agus dhiúltacha dar múnla
- ar shlí
- (chun,
- d'fhonn
- is,
- i dtreo is,
- i riocht is,
- ionas,
- le,
- le hionchas,
- sa chaoi,
- sa chruth,
- sa dóigh) + clásal ráiteasach:
- éireoidh mé go moch ar shlí (chun, etc.) go mbeidh mé in am ag an traein
- cheannaigh mé ticéad fillte ar shlí (chun, etc.) go sábhálfainn cúpla punt
- d'fhan sé liom ar shlí (chun, etc.) nach bhfeicfí é.
- clásail dar múnla
- féachaint + fochlásal ceisteach:
- chuardaigh siad an loch féachaint an bhfaighidís an corp
- téigh amach féachaint cá bhfuil an dóiteán.