30.2
Is féidir dhá chlásal chomhordaitheacha aidhme a chur i ndiaidh a chéile:
- chuamar ann go bhfeicfimis an Taoiseach agus go n-éistfimis leis na cainteoirí.
Ach is minic frása ainm bhriathartha in ionad an dara clásal aidhme:
- chuamar ann go bhfeicfimis an Taoiseach agus éisteacht leis na cainteoirí.
Is an-mhinic freisin frása ainm bhriathartha ag cur aidhme in iúl gan aon
chlásal aidhme roimhe (18.26-27).