30.4
An Clásal Ama
Clásal ama a thugtar ar chlásal dobhriathartha a thugann eolas i dtaobh an ama
atá i gceist ina uaschlásal.
Seo na príomhshaghsanna
- clásail dar tús
- go
- (gur),
- go
- dtí
- go
- (gur),
- nó
- go
- (gur),
- go
- dtí
- nach
- (nár),
- sula(r),
- ach
- a(r):
- d'fhan sé ann go (go dtí go, nó go) bhfuair sé bás
- d'imir sé leis go dtí nach raibh pingin fágtha aige
- d'imigh an cabhlach sular éirigh an ghrian
- íocfaidh tú as ach a bhfaighidh mise greim ort.
Níl ach foirm dhiúltach amháin ag
- go, go dtí go, nó go,
mar atá,
- go dtí nach.
- clásail dar tús
- chomh + dobhriathar ama + agus (nó is):
- chomh luath agus a thiocfaidh sé tosóidh sé.
- clásail dar tús nuair:
- nuair a tháinig Bríd d'éirigh mé as an obair.
- clásail dar tús ainmfhocal sa tuiseal ainmneach ama
- theith sé an túisce (an nóiméad, an lá, etc.) a chuala sé an scéal
(clásal coibhneasta díreach)
- theith sé an túisce (an nóiméad, an lá, ...) ar chuala sé an scéal
(clásal - coibhneasta neamhdhíreach)
- clásail dar tús níos + breischéim dobhriathair ama + ná:
- tháinig sé níos déanaí (deireanaí, luaithe, moiche, túisce) ná a dúirt sé.
- clásail dar tús ó:
- níor chualamar aon trácht air ó d'imigh sé.