30.5
Is féidir dhá chlásal chomhordaitheacha ama a chur i ndiaidh a chéile:
- nuair a shroich sé an pháirc agus a chuala sé búireach an tslua
- chomh luath agus a thuirlingeoidh sé agus a thuigfidh sé.
Ach is minic clásal ráiteasach nó frása ainm bhriathartha in ionad an dara
clásal ama:
- nuair a shroich sé an pháirc agus gur chuala sé búireach an tslua
- chomh luath agus a thuirlingeoidh sé agus go dtuigfidh sé
- nuair a shroich sé an pháirc agus búireach an tslua a chloisteáil
- nuair a bhíodh ocras air agus gan aon ghreim [a bheith] aige le hithe
- is fada go dtaga sé agus an fhuinneog a dheisiú.