An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

31.1
Clásail Chúise & Clásail Imthoisceacha & Clásail Iarmhartacha An Clásal Cúise

Clásal cúise a thugtar ar chlásal dobhriathartha a insíonn an chúis atá leis an
ngníomhú a léirítear san uaschlásal.

- Seo na príomhshaghsanna:

- clásal dar múnla
- a rá
- (ar an ábhar,
- as ucht,
- cionn is,
- de bharr,
- de bhrí,
- faoi rá is,
- mar gheall air,
- siocair,
- toisc)
- + fochlásal ráiteasach:

- bhí fearg air a rá (ar an ábhar, etc.) go ndearnadh magadh faoi
- bhí sé ar buile a rá (ar an ábhar, etc.) nár mhol mé é.

Is féidir frása ainm bhriathartha a chur in áit an chlásail chúise go minic:
- bhí fearg air as ucht (cionn is, de bharr, de dheasca, siocair, toisc)
daoine a bheith ag magadh faoi.

Frásaí cúise coitianta is ea
- ar an ábhar sin
- dá bharr [sin]
- dá dheasca [sin]
- mar gheall air [sin]
- as a shiocair sin
- mar sin de
- uime sin.

- clásail dar tús
- arae,
- mar,
- nó,
- óir:
- ní raibh sé sa siopa arae (mar, nó, óir) bhí an fliú air
- fanfaidh mé anseo arae (mar, nó, óir) nílim ar fónamh
- chuaigh sé isteach agus mar (óir) nach bhfaca sé aon duine tháinig sé amach
arís
- dúirt Gearóid nach rachadh sé ar scoil arae (mar, nó, óir) go raibh sé tinn
- thug an damhán alla cuireadh don chuileog teacht isteach ina pharlús arae
(mar, nó, óir) go raibh féasta ullamh aige ann di.

Is minic arae, mar, nó, óir scartha óna gclásal:
- d'fhág sé an tír arae nuair a fuair an t-athair bás, níorbh fhiú leis
fanacht abhus.

- clásail dar tús
- ó
- agus dar críoch foirm príomhchlásail ráiteasaigh dhearfaigh:
- ba chóir duit géilleadh dó ó ba é do chaptaen é
- ó tá sé anseo fanadh sé anseo
- bhí mé ann ó dúirt tú é
- (= ó dúirt tú go raibh mé ann, admhaím go raibh).

clásail dar tús
- ó
agus dar críoch fochlásal ráiteasach (nó coibhneasta) diúltach:
- ní féidir dom ann dul ó nach bhfuil aon airgead agam.

Más mian treise a chur le dearfacht nó le diúltacht an chlásail úsáidtear
leaganacha mar iad seo:
- ba cheart duit dul ós rud é go ndúirt tú go rachfá
- éirímis as ó tharla nach bhfuil tú sásta dul ar aghaidh.

Úsáidtear fochlásal ráiteasach in ionad an dara fochlásal ar lorg ó:
- ó ba é an t-easpag é agus go raibh ainm na cráifeachta air...

clásail dar múnla nuair + clásal coibhneasta díreach:
- ba cheart duit dul nuair a dúirt tú go rachfá
- nuair nach n-éistfeadh sé liom dhún mé an leabhar.

clásail dar múnla
- an áit
+ clásal coibhneasta neamhdhíreach:
- ní fhéadfainn dul ar scoil inniu an áit a ndeachaigh m'athair go Gaillimh
- cén fáth a bhfuil sé bacach? an áit ar thit cloch air.

fochlásal ráiteasach ar lorg tá:
- Cad chuige nár thug tú an leabhar di? Tá, nach raibh sé léite agam féin.

Is minic frása nó ainmfhocal in ionad an chlásail:
- Tá, gan é a bheith léite agam féin
- tá, é a bheith geallta do Chormac agam.
- Cad ina thaobh ar fhan tú sa bhaile? Tá, an eagla.

- clásal dar múnla
- ar mhéad is
- + clásal coibhneasta:
- ní raibh a fhios acu cad é a bhí siad a dhéanamh ar mhéad is a bhí de
lúcháir orthu
- bhí sé [de] chóir a bheith as aithne ar mhéad is a bhí buailte air.