31.2
An Clásal Imthoisceach
Clásal imthoisceach - a thugtar ar chlásal dobhriathartha a chuireann in iúl
nach aon ionadh (saghas clásail chúise atá i gceist go minic sa chás seo) nó gur
mór an t-ionadh (saghas clásail fhaomhaigh) ráiteas an uaschlásail a bheith fíor
nuair a chuimhnítear ar ghné áirithe den chás.
Is féidir clásal imthoisceach a chur faoi réir uaschlásail cheistigh fosta.