An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

31.3

- Seo na saghsanna clásal imthoisceach is coitianta:
- clásail dar múnla
- agus
- (agus a rá,
- ráite,
- i ndiaidh,
- tar éis,
- tráth is)
- + fochlásal ráiteasach:
- ní haon ionadh é sin agus gur tú a mháthair
- dhiúltaigh sí mé agus gur tháinig mé as Meiriceá d'aon ghnó
- tusa ag caint ar ghoid agus go ngoidfeá an ubh ón gcorr
- d'éalaigh tú go maith as agus a rá nár maraíodh thú
- cad chuige nach bhfuil an obair críochnaithe aige ráite go bhfuil sé uirthi
ó mhaidin?
- ní thiocfaidh Máire anocht tráth is nach bhfuil sí anseo anois.
- cén chaoi a mbeadh sí ag múineadh ceoil i ndiaidh (tar éis) nach bhfuil aon
mhianach ceoil inti?

Seasann an clásal imthoisceach saor mar intriacht uaireanta:

- agus go sílfeadh duine gur ag Cathal a bhí siad!

- ráite go ndéarfá nár chuala tú mé!
- agus nach mise a rinne ar chor ar bith é!

- clásail dar tús
- agus a
- + ainm teibí céime:
- tá moladh ag dul dó agus a fheabhas a d'oibrigh sé
- is maith atá sé á dhéanamh agus a ghiorracht ó thosaigh sé
- tarraing caol ar an siúcra agus a laghad a bhfuil ann de

clásail dar múnla
- agus chomh + aidiacht (dobhriathar) + agus + clásal coibhneasta:
- ní ceart í a cháineadh agus chomh maith agus atá sí
- ní ceart í a cháineadh agus chomh maith agus a d'oibrigh sí

clásail dar tús
- nuair:
- nuair nach raibh aon airgead agam cad a d'fhéadfainn a cheannach?