An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

31.7

- Seo na saghsanna clásal iarmhartach is coitianta
- fochlásal ráiteasach:
- cén sórt duine é seo go bhfuil an ghaoth is an mhuir ar a chomhairle?
- tá siad chomh beag sin nach féidir iad a fheiceáil
- bhí an oiread sin céille aige gur fhan sé ina thost

- clásail dar múnla
- agus
+ fochlásal ráiteasach:

- bhí an ghaoth chomh láidir agus gur cuireadh ar gcúl í trí huaire
- bhí an oiread den fhile ann agus nár thug sé riamh iarraidh aithris a
dhéanamh ar Aodh
- níor thairg sé oiread agus go mbeadh baol ann go nglacfaí leis

Maidir le saghsanna 31.6, 31.7 is suimiúla múnla an uaschlásail ná múnla an
chlásail iarmhartaigh.

Tabhair faoi deara go bhfuil ceann de na focail chomh nó oiread i ngach
uaschlásal ráiteasach taobh amuigh den chéad sampla, agus go n-úsáidtear an
cónasc agus nuair nach n-úsáidtear an focal taispeántach.

Uaireanta ní bhíonn aon cheangal idir na clásail:
- tá sé chomh corraithe sin ní féidir leis labhairt.

Bíonn an ceangal sin ar iarraidh i gcónaí nuair a chuirtear an t-uaschlásal ag
deireadh na habairte:
- ní féidir leis labhairt, tá sé chomh corraithe sin.

- clásail dar múnla
- le
- (i gcaoi,
- i gcás,
- i dtreo,
- i slí, etc.)
- + fochlásal ráiteasach:
- céard atá air le nach dtagann sé?
- sciorr sé ar an gcosán i gcaoi gur briseadh cos leis
- cheanglaíomar go maith é i dtreo nach bhféadfadh sé é féin a scaoileadh.

Is minic nach féidir a rá ón múnla cé acu clásal iarmhartach nó clásal aidhme
atá i gceist sna samplaí thuas.

Léiríonn ciall na bhfocal é uaireanta, e.g. sa dara habairt thuas. Ach tá an
tríú habairt athbhríoch mura ndéanann an comhthéacs an bhrí a shoiléiriú. 326