An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

32.1
An Clásal Coinníollach

Is iad an
- céadbheart agus an
- t-iarbheart
an dá rud is tábhachtaí sa chaibidil seo.

Is clásal an céadbheart ach féadfaidh an t-iarbheart bheith ina chlásal, ina
ainm briathartha nó ina fhrása ainm bhriathartha.

Is féidir an céadbheart a chur roimh an iarbheart nó ina dhiaidh.

Is féidir freisin clásal eile a chur isteach eatarthu.

Tá na pointí sin go léir á léiriú sna samplaí seo a leanas (cló iodálach ar an
iarbheart cló trom ar an gcéadbheart):
- seas an fód
más fear thú

- dá léifeá é
thuigfeá é

- murab amadán é
is cleasaí é

- abair leis éirí
más féidir leis

- dá n-íosfá é
ní dóigh liom
go bhféadfaí thú a leigheas

- dúirt sé liom
gan an teach a dhathú
mura gcuideofása liom

- thug mé liom mo ghunna
chun an sionnach a mharú
dá bhfeicinn é.