An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

32.2

Clásal coinníollach a thugtar ar an gcéadbheart má tá an ghuí, nó fírinne an
ráitis, nó freagra na ceiste, atá san iarbheart ag brath ar chomhlíonadh
choinníoll an chéadbhirt.

Is clásal coinníollach gach céadbheart i samplaí alt 32.1 (ach féach 32.18.)

Cé go mbíonn céadbheart an chlásail choinníollaigh faoi réir ag an iarbheart de
réir comhréire (go díreach mar a bhíonn aon fhochlásal eile faoi réir ag a
uaschlásal), bíonn an t-iarbheart faoi réir ag a chéadbheart de réir loighce.

Sin é an fáth atá le "céadbheart" a thabhairt ar an bhfochlásal.