32.7
An coinníollach maolaitheach a luaitear in 15.15, úsáidtear é uaireanta sa
chéadbheart agus san iarbheart d'ainneoin na réimíre má sa chéadbheart:
- bhí sé ráite go dtiocfadh leis míorúiltí a dhéanamh,
ach má thiocfadh
is mór an trua nár chuidigh sé linne.
Is clásal oscailte dearfach an chéad chlásal coinníollach thuas.
Mar sin de ní mór má a úsáid (féach an míniú ar chlásal oscailte in 32.4).
Is ionann
má thiocfadh leis
agus
más fíor go dtiocfadh leis san iarbheart:
- má fhaigheann tú caoi b'fhéidir go labhrófá ar mo shon
- má tá céim ollscoile aige ba chóir go mbeadh sé sásúil.