32.8
An coinníoll diúltach
Freagraíonn samplaí na dtrí roinn thíos do shamplaí na dtrí alt roimhe seo.
- mura bhfuil airgead agat go bhfóire Dia ort
- mura leat an gluaisteán ná bain leis
- ná fan leis má tá sé gan teacht fós
- mura dté[ann] sé chun an Aifrinn gach Domhnach tá cúis leis
- mura dté (rachaidh) tú abhaile ní bhfaighidh tú aon dinnéar
- murar ith sé a chuid ní foláir nó tá sé gan a bheith ar fónamh
- mura dtéadh sé abhaile bhíodh imní ar a bhean (32.5)
- Ní mhairfeá cúig nóiméad tar éis é sin a ól.
- Mura mairfinn ní ólfaidh mé é (32.6)
- mura dtaga sé anois b'fhéidir nach dtiocfadh sé choíche
- mura bhfuil céim ollscoile aige ba chóir gan an post a thabhairt dó (32.7).