An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

32.15

Bíonn an t-iarbheart ar iarraidh in intriachtaí áirithe ar lorg dá:
- dá mbeadh a fhios agat!
- marbh a rugadh iad dá bhfeiceadh sí beo iad!

ar lorg
má (= ní, níor):
- ar m'anam má d'aithin mé féin iad!
- dream garbh a bhí i muintir a athar, agus má ba thaise do mhuintir a mháthar!
- dar Colm Cille na bhfeart má bhí áibhéil i gcaint an Fhir Dhorcha!
- chuireamar Pilib sa chúl ansin, ach má b'fhearr mar sin é!

- ar lorg
- mura (le searbhas):
- murab é an t-am é chun Aifreann a rá!
- mura glic atá tú!
- murab ort atá an deabhadh!

Bíonn an t-iarbheart ar iarraidh i gclásail chomparáideacha áirithe freisin
(33.6).