32.14
Is féidir dhá chéadbheart chomhordaitheacha a chur as a chéile gan a múnla a
athrú:
- má thagann sé agus má fheiceann sé thú
- dá dtiocfadh sé agus dá bhfeicfeadh sé thú.
Ach is é is gnáiche an dara céadbheart a chur i riocht frása ainm bhriathartha:
- má théann sé isteach agus gan an caipín a bhaint de
- má thugann tú turas ar an Róimh agus an Pápa a fheiceáil
- mura dtaga sibh liom agus an fhleá a chaitheamh
- dá n-éistfeá liom agus gan bheith ag síorchaint
- dá mbuailfinn le Cárthach agus an iasacht a iarraidh air...
i riocht fochlásal ráiteasach más má nó dá is tús don chéad chéadbheart:
- má thagann sé amárach agus go (nach) bhfeicfidh sé mé
- dá bhfanaidís anuraidh agus go (nach) ngabhfaí iad ...
Ní foláir an fáistineach a úsáid sa dara clásal den chéad sampla i (ii) chun an
fáistineach a léiriú cé gurb é an gnáthláithreach atá sa chéad chlásal, agus an
coinníollach a úsáid sa dara clásal den dara sampla d'ainneoin an foshuiteach
caite a bheith sa chéad chlásal ar lorg dá.