An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

32.18

Mura bhfuil an ghuí nó fírinne an ráitis nó freagra na ceiste atá san iarbheart
ag brath ar chomhlíonadh choinníoll an chéadbhirt, ní clásal coinníollach ceart
an céadbheart d'ainneoin coinníoll a bheith ann.

Ní fíorchlásail choinníollacha atá i gceist le céadbheart reitriciúil:
- bhí sé caoga bliain d'aois
má bhí sé bliain

- tá sé i gcontúirt a bháite
má bhí aon fhear riamh ann.

céadbheart aisbhreathnaitheach:
- táthar ag cuartú a muintire
má tá muintir ar bith aici

- bhí an focal sin pas beag crua
má thuig siad é

- is ann atá an fhírinne
dá n-éistimis leis

- tá sé curtha in áit dheas
dá mbeadh deis curtha ar an uaigh.

Sa chéadbheart reitriciúil, is amhlaidh a chuireann an clásal breis cinnteachta
i gcéill sa chéadbheart aisbhreathnaitheach, féachann an cainteoir siar ar a
bhfuil ráite aige agus ansin maolaíonn sé an chaint sin le céadbheart.

Sórt clásail chuimsithigh an céadbheart seo go minic.

D'fhéadfaí a rá i dtaobh cuid de na habairtí sin go bhfuil an fíor-iarbheart in
easnamh.

Mar shampla, d'fhéadfaí na focail
'agus bí cinnte gur bhraith siad crua é'
a chur isteach roimh
'má thuig siad é thuas'.

Os a choinne sin níl rian de chéadbheart ná d'iarbheart sna habairtí seo a
leanas cé go bhfuil siad gaolmhar ó thaobh brí leis na samplaí den chéadbheart
aisbhreathnaitheach thuas:
- is fíor an focal é,
an té a mhachnódh air
(= dá ndéanfadh duine machnamh air
chaithfeadh sé a admháil gur fíor an focal é)

- is deas an scéal é,
an té a thuigfeadh é.

Ní fíorchlásal coinníollach ach oiread an céadbheart faomhach ná an céadbheart
neamhchúiseach.

Murach Ach