An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

32.19
Murach, Ach

Más mian a chur in iúl go mbeadh nithe ar chuma áirithe mura mbeadh rud éigin á
n-athrú, úsáidtear ceann de na cónaisc murach nó ach, agus feidhm réamhfhocal
acu, roimh chlásal ainmfhoclach nó a chothrom:
- chaillfí an cluiche
murach Seán
(- tusa,
- m'athair,
- an lá a bheith fliuch,
- go raibh Seán ag imirt,
- nach raibh an t-ádh ar an muintir eile,
- chomh maith is a bhí an lánchúlaí,
- a fheabhas a bhí an cúl báire,
- a ndearna an captaen)

- murach
- go raibh (bhfuil, mbeidh) sé imithe
chríochnóimis an obair inné (inniu, amárach)

- ní rachainn ann inné (inniu, amárach)
ach feabhas na haimsire

- ach go bhfaca mo dhá shúil féin é
ní chreidfinn é

- is fada ó déarfainn í (Laoi na mBuann)
ach go raibh mé ag déanamh nach gcreidfidís seo inti.

Tabhair faoi deara go n-oireann na múnlaí sin don ócáid cibé am (láithreach,
caite, fáistineach) atá i gceist gurb é an modh táscach a úsáidtear sa chlásal a
leanann murach nó ach gurb é an modh coinníollach atá sa phríomhchlásal (ach
féach 32.20 ).