33.1
Clásail Fhaomhacha & Clásail Chomparáideacha Clásail Fhaomhacha
Is é is clásal faomhach ann clásal dobhriathartha ina gcuirtear in iúl gur fíor
ráiteas a uaschlásail d'ainneoin ráiteas an chlásail dhobhriathartha a bheith
fíor.
- Seo na príomhshaghsanna:
- clásail dar múnla
- ach
- (- ar
- a shon,
- bíodh,
- cé,
- [d']ainneoin,
- i dtaobh is,
- i ndiaidh is,
- siúd is,
- tar éis)
- + fochlásal ráiteasach:
- chuala mé, ach nach de mo ghnóthaí é, go raibh sé ar meisce aréir
- ar a shon go bhfuil sé tinn, beidh sé sa rás
- bíodh nach n-aithním é, aithníonn sé mise
- cé gur agamsa atá an t-airgead, ní liom é
- d'ainneoin go raibh sé tuirseach, chríochnaigh sé an obair
- ní chaitheann sé toitíní anois,
i ndiaidh is (i dtaobh is) go bhfuil dúil mhór aige iontu
- bhí croí maith aici,
siúd is nach raibh sin le sonrú uirthi
- fear maith é, tar éis nár thug sé aon chúnamh domsa.
Bíonn frása ainm bhriathartha in áit an chlásail fhaomhaigh uaireanta:
- d'ainneoin é a bheith tinn
- i ndiaidh dúil mhór a bheith aige iontu
- tar éis gan é a bheith ag cuidiú liom.
Agus is minic an aidiacht shealbhach (3ú pearsa, u., fir.) in ionad an chlásail
nó an fhrása:
- ar a shon sin
- dá ainneoin sin
- ina thaobh sin
- ina dhiaidh sin
- tar a éis sin.
- clásail choibhneasta:
- níor fhéad sé an clár a ghearradh, i ndiaidh chomh géar is a bhí an scian
- géar is uile mar a bhí sí, ní raibh sí géar go leor
- thost gach duine, ar leathmheisce is mar a bhí siad
- is cuma cad é chomh fliuch is a bhíodh an lá, théadh sé amach
- dá fheabhas [mar] a shnámhann Peadar, is fearr Pól
- dá fheabhas dá ritheann sé, níl sé mear go leor.
D'fhéadfaí cuid de na fochlásail dheireanacha sin thuas a áireamh ina gclásail
neamhchúiseacha freisin.