33.2
Tig le céadbheart bheith ina chlásal faomhach. In ionad fírinne ráiteas an
iarbhirt a bheith ag brath ar chomhlíonadh choinníoll an chéadbhirt, is amhlaidh
a chuirtear in iúl gur fíor an ráiteas sin d'ainneoin chomhlíonadh an choinníll.
Má tá aon difríocht comhréire idir abairtí le céadbheart faomhach agus cinn le
céadbheart coinníollach is annamh agus is beag é.
Féach 33.4.
Aithnítear idir an dá shaghas abairtí ón gcomhthéacs:
- chuardaigh siad arís ach má chuardaigh ní bhfuair siad an corp
ón dobhriathar treise féin:
- má tá sí bocht féin tá sí ionraic
ón bhfrása
fiú amháin:
- fiú amháin má theip air ní air atá an locht
ó aimsirí na mbriathra:
- maróidh mé é dá gcrochtaí mé. 33.3
Freagraíonn samplaí na naoi roinn seo a leanas do shamplaí na n-alt ar na
clásail choinníollacha a bhfuil a n-uimhreacha faoi lúibíní.
(i)
- má tá sé anseo [féin] ní fheicim é
- má fhaighim an chéad duais ní díotsa a bheidh mé buíoch
- ní bhfuair sé bás más iontach le rá é
- bhí sé an-fhuar inné ach má bhí féin bhí sé go deas (32.5)
(ii)
- dúirt sí liom gan dul amach dá mbeadh an lá te féin (32.13)
(iii)
- má ba shagart féin é ní thiocfadh leis sin a dhéanamh
- má tá tú tuirseach féin b'fhéidir go dtabharfá isteach cliabh móna (32.7)
(iv)
- mura bhfuil Gearmáinis aige tá Fraincis aige
- mura bhfaca mé ag dul amach é chonaic mé ag teacht isteach é
- mura ndéana mé ach baint lena bhrat, beidh mé leigheasta
- mura dtéadh sé chun an Aifrinn, ní díobháil creidimh ach díobháil éadaí ba
chúis leis (32.8)
(v)
- dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin
- dá mba dheachtóir féin é, ní éireodh leis
- mura n-aithneoinn féin é, chuirfinn forrán air
- mura ndíolfá ach uan caorach leis, chaithfeá deoch a tharraingt dó (32.9)
(vi)
- ní fhéachfadh sé ar Shadhbh dá mba nach mbeadh in Éirinn ach í
- an gasúr miotalach a chuirfeadh isteach a fhostú dá mbeadh i ndán nach
mbeadh air ach leathchos
- dá mbeadh sé gan a fháil ach punt bheadh sé sásta
- rachainnse
- amach a throid dá mbeadh gan bheith liom ach mé féin (32.12 (iii))
(vii)
- más i scairdeitleán féin atá sé ag dul beidh sé déanach
- dá mba anois féin a thiocfadh sé ní ligfí isteach é (32.12)
- (viii)
- fiú amháin dá dtagadh sé agus airgead síos a thairiscint... (32.14)
(ix)
- mura dtagadh sé go dtí í ach uair sa choicís!
- mura mbeadh ann ach sméideadh na súl féin!
- dá bhfaigheadh sé aon phunt amháin féin! (32.15)