33.5
Is féidir le clásal coinníollach agus clásal faomhach bheith ina gcéadbhearta ag
an iarbheart céanna:
- cad é an tairbhe do dhuine bheith á mhaíomh nach séanfaidh sé a chreideamh
dá mbeifí chun é a shracadh idir capaill, má tá nimh an pheaca istigh ina
anam?
- má fheicim é maróidh mé é dá gcrochtaí mé.