33.6
Clásail Chomparáideacha
Clásal comparáideach a thugtar ar chlásal dobhriathartha a chuireann in iúl go
bhfuil cosúlacht nó comhtheacht nó a mhalairt idir ráiteas nó ceist an
uaschlásail agus ráiteas an chlásail dhobhriathartha.
Seo na príomhshaghsanna:
- clásail dar múnla
- ná
- (amhail,
- mar)
- +
- clásal
- coibhneasta:
- tá sé níos fearr ná a bhí sé
- ní mar a shíltear a bhítear
- d'éirigh sé mar a bheadh faoileán ann
- lean sé den obair mar (amhail) nach gcloisfeadh sé mé
- clásail dar múnla
- amhail
- (cosúil
- le,
- de
- réir,
- faoi,
- i
- gcomórtas
- le,
- i
- bhfarradh
- is,
- le
- hais,
- ná,
- seachas,
- thar)
- + mar + clásal coibhneasta:
- tá sé ag siúl amhail mar a bheadh na bróga á ghortú
- tá sé ag siúl amhail mar nach mbeadh áit na coise déanta aige sna bróga nua
- níl Niall cosúil le mar a bhí sé
- chuirimis airgead abhaile de réir (faoi) mar a thuillimis é
- lean sé den obair faoi mar nach gcloisfeadh sé mé
- tá na fuinneoga fairsing anseo i gcomórtas le (le hais, i bhfarradh is) mar
atá siad thall
- tá sé níos fearr ná mar a bhí sé
- tá níos mó féir ann anois seachas (thar) mar a bhíodh fadó
- clásail dar múnla
- chomh
+ aidiacht (nó dobhriathar)
+ is (nó agus)
+ clásal coibhneasta (dearfach nó diúltach):
- tá Éire chomh fliuch agus a bhí sí anuraidh
- tá an pobal chomh corraithe is nach bhfaca mé riamh cheana iad
- clásail dar múnla
- chomh ...
is
+ clásal coibhneasta
(díreach nó neamhdhíreach
ag cáiliú aidiacht atá - idir chomh agus is:
- tá sé ar fhear chomh macánta is a bhuail riamh liom
- seo anseo gunna chomh fíor is ar scaoil aon fhear riamh urchar as
Má áirítear an aidiacht ina cuid den chlásal is clásal aidiachtach é ag cáiliú
an réamhtheachtaí fhear, gunna.
- clásail dar múnla
- oiread [...]
- agus + clásal coibhneasta:
- níl oiread [airgid] aige agus a cheapfá
- tá an oiread acu ann agus nach mbeidh ídithe go deo
Is deacair clásail den sórt seo a aicmiú ach freagraíonn siad do chlásail
chomparáideacha i dteangacha eile.
- clásail dar múnla
- ach oiread
- (ach chomh beag,
- amhail,
- chomh + aidiacht nó dobhriathar,
- fearacht,
- ionann)
- + agus (nó is) + céadbheart dar tús dá.
Corruair cuirtear iarbheart isteach ar lorg agus, ach is gnáiche go mór an
t-iarbheart a bheith intuigthe:
- ní raibh broideadh le mothú ach oiread agus [a bheadh] dá mbeadh gan iasc a
bheith beo san fharraige
- níor fhéach sé suas ach chomh beag agus dá mba nach gcloisfeadh sé aon ní
- mhol sé an sagart amhail is dá mba é an Pápa a bheadh ann
- bhí a ghnúis chomh socair agus dá mba ina chodladh a bheadh sé
- tá an tseanbhean go maith dó fearacht is dá mba é a mac féin é
- labhair sí liom ionann agus dá mbeadh aithne aici orm
Níl aon chlásail chomparáideacha ann dar tús
mura
ag freagairt do na clásail chomparáideacha dar tús dá.
- clásail dar tús
- mar dhea
- (i leith is)
- + fochlásal ráiteasach:
- chuaigh sé abhaile go luath mar dhea go raibh tinneas air
- bhí sí ag pógadh an linbh i leith is gurbh é a mac féin é.