34.1
Clásail Chuimsitheacha & Clásail Neamhchúiseacha An Clásal Cuimsitheach
Clásal cuimsitheach a thugtar ar chlásal dobhriathartha a chuireann cuimse nó
teorainn le fírinne a uaschlásail.
- Seo na saghsanna is coitianta:
- clásail dar múnla
- sa mhéid
+ fochlásal ráiteasach:
- tá sé ar aon chéim leis an Athair sa mhéid go bhfuil sé ina Dhia
- clásail dar múnla
- fad
- (chomh
- fada
- is,
- ar
- feadh)
+ clásal coibhneasta:
- níl aon eagla orm roimhe fad atá mo ghunna liom
- chomh fada is nach gcaithfidh siad iad siúd tá seans éigin ag an gcine daonna
- níor tháinig an dochtúir go fóill ar feadh a bhfuil a fhios agam
- clásail dar tús
- ach
- roimh mhúnlaí clásal éagsúil:
- tá mé ceart go leor ach go bhfuil pian i mo cheann
- ní dhearna sé aon righneas ach chomh beag agus a d'fhéadfadh sé
- níl aon eolas agam air ach oiread agus atá agatsa
- urchóid ar bith ní raibh sé a dhéanamh ach mar a bhí tú féin a dhéanamh
- sin an bealach is fearr ach a dheacracht atá sé
- is é Peadar an té is cliste orthu ach chomh hóg is atá sé
- is annamh a labhraíodh sé ach nuair a labhraítí leis
- clásail a bhfuil múnla
- fochlásail ráiteasaigh orthu:
- níor gabhadh riamh é nár éalaigh sé
- bhí Tomás ag an damhsa agus é ólta mhuise, ní raibh riamh nach mbeadh
clásail atá comhionann le péire de chéadbhearta contrártha