An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

34.2

Nuair a deir fear lena mhac
ceannóidh mé rothar duit má bhuann tú an rás
ní chuireann sé aon ní in iúl i dtaobh cad a tharlóidh más duine éigin eile a
bhuafaidh ach tá sé intuigthe as an gcomhthéacs nach gceannóidh sé an rothar sa
chás sin.

Nuair a deir duine
rachaidh mé chuig an dochtúir mura mbeidh biseach orm ar maidin
ní insíonn sé cad a dhéanfaidh sé má bhíonn biseach air ach tá sé intuigthe nach
gá dó dul chuig an dochtúir má bhíonn biseach air

ach más mian le duine a chur in iúl go soiléir go bhfuil an dá chéadbheart
chontartha i gceist aige ... 341 aige mar aon lena dhá iarbheart, féadfaidh sé
feidhm a bhaint - as clásal cuimsitheach dar múnla
- ach
- (ar acht, ar choinníoll, ar chuntar, i gcleithiúnas) + fochlásal ráiteasach:
- ní bheadh sé sásta dul ach go mbeadh Seán leis
- cailín ciúin í ach nach gcuirfí fearg uirthi
- tá cead agat dul ar acht go mbeidh tú ar ais roimh a deich
- tá sí sásta glacadh leis an bpost ar choinníoll go bhfaighidh sí deich míle
punt sa bhliain
- tabharfaidh mé duit é ar chuntar nach iarrfar arís é
- inseoidh mé scéal i gcleithiúnas go ndéarfaidh tusa amhrán

Is ionann brí don abairt dheireanach thuas agus don abairt seo a leanas:
- inseoidh mé scéal má deir tusa amhrán, ach ní inseoidh mura ndéarfaidh

Is féidir abairt den saghas céanna (i.e. abairt ina bhfuil dhá chéadbheart
chontrártha agus a dhá n-iarbheart) a úsáid in ionad gach ceann de na cúig
abairt eile thuas.