An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

34.4
An Clásal Neamhchúiseach

Clásal neamhchúiseach a thugtar ar chlásal dobhriathartha a chuireann in iúl gur
fíor ráiteas a uaschlásail cibé faoi ghnéithe áirithe den chás.

- Seo na saghsanna is coitianta:
- clásail ina bhfuil an t-ainm teibí céime:
- dá olcas a ritheann tusa is measa mise
- dá mhéad a bhfuair sé ní raibh sé sásta

clásail ina bhfuil dhá chéadbheart chontrártha:
- más olc maith leat é caithfidh tú glacadh leis
- más i mo luí dom, más í mo shuí dom, tá an phian ann i gcónaí
- más é Seán é nó murab é ligfidh mé isteach é
- beo nó marbh é tá teipthe orainne

- clásail ina bhfuil céadbheart amháin:
- tá mé réidh anois murab ionann agus riamh
- rachaidh mé go dtí an cluiche peile murab ionann agus an cluiche iomána

- clásail ina bhfuil an modh ordaitheach:
- phósfadh sé an chéad bhean a chasfaí air bíodh sí críonna nó óg
- cuirfidh mé caoga punt ar an gcapall bán, bainim nó caillim

- clásail dar tús
- cibé
- [ar bith]:
- chuaigh sé síos an bóthar cibé áit a raibh sé ag dul
- tar isteach cibé thú féin
- cibé nach raibh ann bhí Conchúr ann
- cibé rud a dúirt sé chuir sé fearg ar a lán daoine.

Foshaghas is ea clásail dar tús
- cibé acu:
- cibé acu ag magadh nó dáiríre atá tú is maith í do chaint
- cibé acu is í is ciontach nó nach í, táimid tuirseach di
- capall rása? cibé acu is ea nó nach ea is breá an t-ainmhí é
- cibé duine a rachaidh nó (ná) nach rachaidh, fanfaidh tusa

Is i gclásal neamhchúiseach a úsáidtear cibé acu, agus is i bpríomhchlásal nó
i gclásal ainmfhoclach a úsáidtear cé acu. Féach freisin 29.2.