An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.1
An Chlaoninsint

Nuair is mian athinsint a dhéanamh ar chaint is féidir í a thabhairt focal ar
fhocal mar a dúradh ar dtús í le cúnamh na bhfocal arsa, a deir, a dúirt.

Insint dhíreach nó ré insint a thugtar ar an athinsint sin.

Nó is féidir tosú le ceann de na briathra réamhrá
- abair,
- fiafraigh,
- iarr,
- ordaigh, etc.)
agus athruithe áirithe a dhéanamh ar na focail atá le hathinsint.

Claoninsint a thugtar ar an athinsint sin.