35.2
An briathar réamhrá
An briathar réamhrá atá le húsáid, braitheann sé ar an sórt cainte atá le
hathinsint,
- ráiteas
- nó
- ceist
- nó
- ordú
- nó guí.
Ráiteas:
- Tosaítear le briathar éigin de shaghas
- abair,
- admhaigh,
- etc.:
- dúirt Conall gur tháinig an dochtúir.
Ceist:
- Tosaítear le
- fiafraigh,
- fiosraigh,
- cuir
- faisnéis,
- etc.:
- d'fhiafraigh sé díom cá raibh Peig
- chuir sé faisnéis orm cérbh í.
- Iarratas:
- Tosaítear le
- iarr,
- impigh,
- agair,
- abair,
- ordaigh,
- etc ., de réir bhrí agus chomhthéacs na cainte atá le hathinsint:
- d'iarr (d'impigh) an leanbh orm cabhrú leis
- d'agair an fear bocht mé cúnamh éigin a thabhairt dó
- d'ordaigh an rí dom (dúirt an rí liom) imeacht ó thuaidh.
- Guí:
- Tosaítear le
- guigh,
- iarr,
- etc.:
- ghuigh sé Dia ciall a thabhairt dom.