35.4
Úsáidtear modh na claoninsinte freisin chun tagairt a dhéanamh do chaint nach
ndearnadh fós, nó nach ndéarfar ar chor ar bith, ar lorg briathair a bhaineann
le caint nó le smaoineamh:
- abair leis teacht
- déarfainn leis suí síos
- dá n-ordóinn dó an gadaí a ghabháil
- fan go n-iarrfaidh mé air an doras a dhúnadh
- d'imigh sé sula bhfiafróinn de cérbh é féin
- sílim go rachaidh mé.