An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.3

Is iomaí slí eile atá ann chun tús a chur ar an gclaoninsint.

Mar shampla, más caint lasánta nó mionna atá i gceist, d'fhéadfaí tosú mar seo:
- thug sé an leabhar (thug sé Dia, mhionnaigh sé) go bhfaca sé gunna agam.

Nó is féidir an focal réamhrá a thoghadh as an gcaint atá le hathinsint nó ar
shlí éigin eile:
- iarraim ort imeacht
- d'iarr sé orm imeacht
- agraím thú is fan anseo
- d'agair sí é fanacht ann
- tabharfaidh mé cúnamh daoibh
- thairg sé cúnamh dóibh.