35.6
Athú Na bhForainmneach
An dóigh a n-athraítear na forainmnigh sa chlaoninsint braitheann sé ar cé atá
ag athinsint agus ar cé leis a bhfuil sé ag caint.
Cuir i gcás go ndúirt Pádraig le Máire,
"dhathóinn do theach duit dá ndíolfá mé"
agus go ndéanann Pádraig (P.),
Máire (M.),
Seán (S.)
agus
Cormac (C.)
claoninsint ar an gcaint sin.
Ciallaíodh an nod 1 -> 2 gur gá forainmnigh den chéad phearsa a athrú go dtí an
dara pearsa san uimhir chéanna.
Seo chuid de na príomhchásanna:
P. le M Ní athraítear na forainmnigh.
- Dúirt mé leat go ndathóinn do theach duit dá ndíolfá mé.
- M. le P.
- 1 -> 2
- 2 -> 1.
- Dúirt tú liom go ndathófá mo theach dom dá ndíolfainn thú.
- P. le S
- 2 -> 3.
- Dúirt mé le M. go ndathóinn a teach di dá ndíolfadh sí mé.
M. le S.
- 1 -> 3
- 2 ->1.
- Dúirt P. liom go ndathódh sé mo theach dom dá ndíolfainn é.
S . le C.
- 1->2
- 2->3
- Dúirt P. le M. go ndathódh sé a teach di dá ndíolfadh sí é.
Fágtar faoin léitheoir na cásanna seo:
- S. le P .
- (1 -> 2
- 2-> 3)
- S. le M.
- (1 -> 3).
Fágtar faoi freisin claoninsintí an cheathrair ar chaint seo Sheáin:
- "dhathódh Pádraig do theach duit, a Mháire, dá ndíolfá é."
Más mé, tú, sinn, sibh, is ainmní i gclásal ionannais ní mór fofhaisnéis sa
chlaoninsint agus an t-ainmní a chur ag an deireadh nuair is sa tríú pearsa a
bheidh siad:
- is mé an cigire
- dúirt sé gurb é an cigire é.